Finscéalta

By Colin Ryan

images

Children of Lir

Our view of the Irish in Australia is often affected by a misplaced romanticism, a reliance on colourful legend.

Is annamh a thoghfadh imircigh Éireannacha an Astráil de rogha ar an mBreatain nó na Stáit. Tá seantaithí ag na hÉireannaigh ar an mBreatain, agus thug siad aghaidh ar na Stáit ina dtáinte, fiú roimh an Drochshaol. Is féidir a rá, áfach, ó thaobh na staire de, gurbh airde an céatadán d’Éireannaigh a bhí le fáil san Astráil ná a leithéid i díortha eile sa 19ú haois.

Bhí éagsúlacht ag baint leo ó thús. Thug siad nósanna, piseoga agus teanga dá gcuid féin leo, ach de réir a chéile tharla an t-imeascadh. Is cosúil go raibh an ceart ag Patrick O’Farrell, príomhstairí na nÉireannach san Astráil, nuair a mhaígh sé gur athmhúnlaigh siad an status quo. Agus de réir a chéile bhláthaigh na finscéalta.

Is iomaí duine a déarfadh leat fós gur chimí polaitiúla na hÉireannaigh go léir a cuireadh an loch amach. Ba mhar sin do chuid dóibh, ach bhí a lán eile ann a bhí ina bhfíorchoirpigh.

Ní fíor ach oiread go raibh na hÉireannaigh ina reibiliúnaigh go smior faoi Chros an Deiscirt. A mhalairt ar fad: ba bhreá leo an status quo ach deis a bheith acu a rian féin a fhágáil air, agus is beag duine de na maithe áitiúla Éireannacha a dhiúltódh do ridireacht. Is gnách Ned Kelly a tharraingt anuas ag an bpointe seo, ach fáisceadh eisean as achrann áitiúil nár bhain le cúrsaí na tíre i gcoitinne.

Ní dócha ach oiread go raibh caidreamh ar leith ag na hÉireannaigh ar na Bundúchasaigh, mar a deirtear go minic. Tháinig na hÉireannaigh chun tailte cine eile a shealbhú, agus bhí lámh ag a lán acu san ár a lean é. Tháinig formhór na nÉireannach sna 1860í, áfach, nuair a bhí an chuid is measa den fhoréigean thart faoin am sin in ordheisceart na hAstráile. Ach bhí an marú ar siul fós níos faide ó thuaidh, agus níorbh fhéidir leis na hÉireannaigh é a sheachaint.

Is minic a luaitear a bhfuil de shloinnte Gaelacha ar dhaoine de shliocht Bundúchasach mar chruthú go raibh caidreamh éigin ann. Deir an staraí Ann McGrath, áfach, gur de bharr socrú riaracháin san 19ú haois a tharla an baisteadh seo agus gur phóilíní Éireannacha (mar ghníomhairí rialtais) a rinne é.

Mar sin féin, tá roinnt mhaith Astrálach mórtasach as pé sinsir Éireannacha atá acu. Tá rian an rómánsachais ar an mórtas seo minic go leor: iad ag cuimhneamh ar cheol, ar cheannairc, ar dhiabhlaíocht, ar bhrón na staire agus ar aon rud eile a mbeadh draíocht ag gabháil leis. Is minic a luaitear an Drochshaol, cé gur beag baint a bhí ag an tubaiste sin le teacht na nÉireannach go dtí an Astráil.

Tá taobh eile ar an scéal, ar ndóigh. Anois agus arís cuirtear leipreachánachas, drabhlás agus achrann i leith na nÉireannach, rud a mhúsclaíonn casaoid agus agóid. Ach ní féidir na finscéalta a mhúchadh, is cuma cén tuairt a bhaintear astu.

Colin Ryan has published fiction, poetry and journalism in Irish.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

One thought on “Finscéalta

Comments are closed.