Lá na mBratach – 7ú Márta 2016.

UnknownNí ró-mhinic a gheibheann duine caoi páirt a ghlacadh in ócáid atá fíor-stairiúil ach bhí sé de phribhléid agam bheith i láthair ag a leithéad d’ócáid i bPáirc an Chrócaigh ar an 7ú lá de mhí na Márta 2016 nuair a bronnadh an bratach náisiúnta ar mheánscoileanna na hÉireann.

Is i 2015 a bronnadh bratach na hÉireann ar na bunscoileanna agus is ins na bunscoileanna féinig agus fé choimirce Fundúireacht Thomas Francis Meagher a tharla na searmannais an uair sin. Thug baill de Fhórsaí Cosanta na hÉireann cuairt ar gach bunscoil, mhínigh siad brí, cúlra agus tábhacht an bhrataigh do na páistí agus cuireadh an bratach ar foluain. Chuaigh na deasghnátha seo go mór i bhfeidhm ar na scoláirí mar ba léir ón obair iontach a d’eascair uathu.

Fuair gach meánscoil cuireadh teacht go Baile Átha Cliath ar an 7ú lá de Mhárta. Bhí cead ag gach scoil triúr daltaí a thabhairt ann agus bhí orainn duine amháin acu sin a roghnú a ghlacfadh an bratach ar son a scoile. Daltaí sinsearacha a roghnaíodh im’ scoilse agus ba léir gur deineadh amhlaidh ins an chuid ba mhó de na scoileanna a bhí i láthair. Roghnaíodh dalta amháin ón Idirbhliain, cailín eile ó Bhliain 5 agus an tríú dalta ón rang Ardteiste im’ scoil. Scoláirí staire is ea iad ar fad agus cailíní iad, leis, a ghlacann páirt lárnach, ghníomhach i saol na scoile. Iad féin a dhein an cinneadh cé acu a ghlacfadh an bratach thar ceann na scoile.

D’fhágamar Corcaigh ar a seacht a chlog ar maidin. Lá geal, tirim a bhí ann ach é fuar go maith agus bhíomar go léir préachta agus sinn ag feitheamh sa Cusack Stand le himeachtaí an lae. Tháinig aisteoir amach ar an stáitse i bpearsain Thomas Francis Meagher, baill de na hÉireannaigh Óga agus d’inis sé dúinn scéal an bhrataigh ón uair a cuireadh in airde é den chéad uair i gcathair Phort Láirge ar an 7ú Márta 1848 ar feadh ocht lá go dtí gur thóg na Gaill anuas é. Ní gá dom a mheabhrú do léitheoirí ‘Tinteán’ ná do mhuintir na hAstráile cad d’imigh ar Meagher go gairid ina dhiaidh sin tar éis Éirí Amach Éire Óg ach tá obair iontach á déanamh i gcuimhneamh air ag Fundúireacht Thomas Francis Meagher sa lá atá inniu ann.

Unknown-1

Mícheál D. Ó hUiginn

Bhíomar ar bís ag feitheamh le teacht an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn ach dob’ fhiú an feitheamh. Labhair sé linn i nGaelainn bhinn bhlasta agus dúirt:

Tá an-tábhacht ag baint leis an stair, mar ábhar scoile agus mar bhunchloch don todhchaí. Le tuiscint ar an stair, is féidir linn aire a thabhairt do na rudaí a fágadh againn ag na glúnta a tháinig romhainn, ár n-institiúidí, ár mbailte agus ár sráidbhailte, ár dtírdhreach agus ár dteanga álainn Gaelach. Má thugann muid aire mhaith do na rudaí seo ar fad beidh muid in ann todhchaí níos fearr a shamhlú.

Gníomh mhór shamhlaíochta ab ea Éirí Amach na Cásca 1916 dar leis an Uachtarán agus tá sé de dhualgas ar aos óg na linne seo todhchaí na tíre a shamhlú agus a chur i gcrích. Labhair sé faoi Luan Cásca 1916 agus faoin ionadh a bhí ar mhuintir Bhleá Chliath nuair a thuigeadar cad a bhí ar siúl ina gcathair ar an lá saoire bainc sin. Labhair sé ar bhuanna éagsúla na dtírghráthóir a throid agus a bhí ullamh bás a fháil ar son na hÉireann. Labhair sé ar na daoine óga,baill de Fhianna Éireann agus eile a bhí ar chomhaois leis na daltaí meánscoile a bhí i láthair inniu i bPáirc an Chrócaigh.

Ag tagairt don mbratach náisiúnta dó, mhínigh an t-Uachtarán brí an bhrataigh do na daoine óga. Tuigimid go léir an brí agus an stair a bhaineann leis an uaine agus leis an oráiste, a dúirt sé ach anois ba chóir dúinn cuimhneamh ar an mbán a sheasann do shíochán agus cairdeas idir an dá thraidisiún ar oileán na hÉireann agus ár seacht ndícheall a dhéanamh chun na h-ídéalacha sin a chur i gcrích.

5af8863feb93cad4e3cab5fffc5c1af6-

Pairc an Chrócaigh

Bhí an-áthas ar na daltaí go léir bheith i láthair agus ba léir óna gcuma agus óna n-iompar gur thuigeadar tábhacht agus sollúntacht na hócáide agus go raibh bród orthu bheith roghnaithe mar ionadaithe óna scoileanna. Fanfaidh cuimneamh ‘Lá Bronnta na mBratach’ i gcroí gach duine a bhí i bPairc an Chrócaigh ar an 7ú lá de mhí Márta 2016.

 

Ar an 15ú lá den mhí seo cuireadh searmannais eile ar siúl i scoileanna uile na hÉireann chun ‘Lá an Fhorógra’ a cheiliúradh. Fén am sin bhí bratach na hÉireann faighte ag gach scoil sa tír. Ach sin scéal eile!

Nóta eolais: Is féidir téacs iomlán na cainte a thug an t-uachtaran uaidh ar an 7ú Márta a léamh ar shuíomh idirlín Árais an Uachtaráin fén cheannteideal ‘President of Ireland.’

Miriam Uí Dhonnabháin is an Irish language scholar and singer with a particular interest in the manuscript culture and social history of the period 1650-1895 in Ireland. She was the 2014 Dr Nicholas O’Donnell Fellow at Newman College, University of Melbourne. She has published on the history of the O’Donovan clan, on the later manuscript tradition, on the work of James Goodman and on aspects of the amhrán tradition. Her most recent work is on the history and development of the agallamh (dialogue songs). She and her husband lived in Dromana on the Mornington Peninsula and have recently returned to Ireland.