Oileán agus Oileán Eile

 By Miriam Uí Dhonnabháin

  1. Is cuid lárnach de chultúr na nGael í traidisiún na hoilithreachta.Tá sé de nós ag daoine in iarthar Chorcaí agus i ndeisceart Chiarraí leis na céadta bliain dul ar oilithreacht go Guagán Barra i Múscraí, an áit ina raibh díseart ag Barra Naofa sa séú haois. Ina leabhar Researches in the South of Ireland, tugann Thomas Crofton Croker cur síos ar phátrún ar Oíche Shan Sheáin sa Ghuagán go luath sa naoú haois déag, cé gur le hoilithreacht in onóir do Bharra Naofa is mó a shamhlaítear an áit álainn sin

    images

    Ghuagán Barra

  2. Thug Crofton Croker cuairt ar Ghuagán Barra den chéad uair i Meitheamh na bliana 1813 agus é fós ina dhéagóir agus chuaigh na radharcanna a chonaic sé ann go mór i bhfeidhm air. D’fhill sé ar an áit dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 1815 agus thug sé léargas, ní hamháin ar dheabhóideacht agus ar chráifeacht na ndaoine bochta ach ar an ólachán agus ar lean é – idir fhoréigean agus ainriantacht na ndaoine. Cuireadh deireadh leis an bpátrún go gairid ina dhiaidh sin. Aimsir na faicseanaíochta a bhí ann, dar ndóigh.

“… and in 1818 Dr. Murphy, the titular Bishop of Cork, expressly forbade [the pattern-days] of Gougaun. This special interference became necessary from the fatal consequences attendant on them, as one seldom concluded without the loss of many lives and pattern-days were professedly selected for the purpose of contest by hostile factions or clans that met and, when the rites of devotion were ended, fought.”

  1. Is dóigh liom go raibh iarracht den áibhéil ann nuair a dúirt Crofton Croker go gcailltí mórán in aon lá amháin ach is cinnte gur cailleadh mórán i dtrodanna faicseanaíochta thar na blianta. Ach is mór idir inné agus inniu. Tá léiriú i bhfad níos pearsanta agus níos tuisceanaí ar an nGuagán mar ionad spioradálta sa dán fada Oileán agus Oileán Eile (a foilsíodh i 1952) le Seán Ó Ríordáin, file mór na Nua-Ghaeilge. Tugann an Ríordánach pictiúr gléineach den oileáinín ina bhfuil aragal den aolchloch anois, a tógadh go luath sa fichiú haois in onóir don naomh. Deirtear go raibh baint ag Barra Naofa le h-oileán eile, leis, Oileán Bharraigh, ceann des na hoileáin is faide ó dheas d’Inse Ghall, inar chaith an naomh tamall ina fhear óg ag seanmóireacht. Is cinnte go gceilliúrtar Lá Fhéile Bharra Naofa sa dá háit ar an dáta céanna .i. an 25ú Meán Fómhair agus go bhfuil fothrach de láthair eaglasta fós le feiscint in Oileán Bharraigh ar a nglaotar ‘Cille Bharra.’ Fé mar is eol dúinn, ba mhór an caidreamh a bhí ag naoimh na hÉireann leis an Albain sa tréimhse luath-Chríostaíochta.
  2. Dar ndóigh, téann daoine go dtí an Guagán ó cheann ceann na bliana, ní hamháin ar Lá Fhéile Bharra Naofa nuair a deirtear aifreann speisialta dos na hoilithrigh. Téann daoine ann chun áilleacht na háite a bhlaiseadh, chun dul ag siúl ins na coillte nó i measc na gcnoc mórthimpeall, chun dul ag iascaireacht sa loch fé mar a dhein ‘an Sasanach’ i ndán úd an Ríordánaigh. Téann said ann chun a gcuid paidreacha a rá san aragal nó ar shean-láthair na mainistreach nó ins na cillíní ar an oileán nó sa reilig in aice láimhe mar a bhfuil ‘An Táilliúr’ agus a bhean ‘Ansty’ curtha. Is mó paidir atá curtha lena n-anamnacha uaisle thar na blianta, déarfainn.

    PastedGraphic-1-3

    top of the Rock Walk

  3. D’fhéadfá a rá, is dócha, go rabhas féin agus mo chlann ar oilithreacht de shaghas eile i Mí an Mheithimh 2014 nuair a chaitheamar cúpla lá ag ionad turasóireachta ‘Barr na Carraige’ nó ‘The Top of the Rock,’ mar is fearr aithne air. Is i bparóiste Dhrom Dhá Liaigh, i gCairbre Thiar, a tógadh m’fhear céile agus is ann atá áit dhúchais a mhuintire leis, siar go dtí an dara haois déag. Níl a mhuintir ina gcónaí sa pharóiste a thuilleadh ach bhí léite againn mar gheall ar láthair turasóireachta nua ar bharr an bhaile agus mheasamar go mba dheas an rud é cúpla lá a chaitheamh ag dul siar, ní hamháin ar bhóithrín na smaointe ach ar bhóithríní an dúthaigh.
  4. Bhí baint ag an oilithreacht go dtí an Guagán le tógaint an ionaid nua turasóireachta ar shlí, fé mar a mhínigh fear an tí, David Ross, dom ag an láthair nua, ar a dtugtar ‘Podpháirc agus Ionad Siúlóide’. Is in aice na háite seo a mbíodh na haonaigh ar siúl fadó agus téann an sean-bhóthar ó Chorcaigh go Beanntraí thar an áit seo fós, cé nach bhfuil ann anois ach bóithrín. Deirtear gur tháinig Barra Naofa féin sa treo seo sa 6ú haois chun tathaint ar na daoine iompó ar an gcreideamh agus deirtear freisin gur shiúil saighdiúirí Chromail ar an sean-bhóthar agus iad ar a shlí siar ó thuaidh chun Caisleán Uí Dhonnabháin a ionsaí. Tháinig an tírghráitheoir cróga Diarmuid Ó Donnabháin Rossa go Barr na Carraige sa naoú haois déag chun labhairt leis na daoine agus é ag iarraidh deireadh a chur leis an bhfaicseanaíocht agus na daoine a aontú.
  5. Pé ar bith scéal é, is léir gur tugadh fogha fíochmhar faoi Chaisleán Uí Dhonnabháin. Is ar éigean atá sé fós ina sheasamh, gan buíochas de na Cromallaigh. Tá obair chaomhnaithe déanta ar an gCaisleán le déanaí agus lear mór airgid caite air chun é a choimeád slán ó stoirmeacha agus ó dhoineann ins na blianta atá romhainn. Tá Caisleán Uí Dhonnabháin tógtha ar charraig, fé mar a bheadh sé ag fás aníos aisti, agus is deacair bun-chloch an chaisleáin a aithint ó charraigeacha na háite féin. Ní raibh aon dul amú ar thaoisigh Chlainne Chathail nuair a roghnaíodar an áitreabh seo an chéad lá riamh.

    PastedGraphic-2

    Caisleán Uí Dhonnabháin

  6. Is anseo a raibh teacht le chéile nó tionól na clainne (‘The O’Donovan Clan Gathering’) sa bhliain 2000 agus is cuimhin liom go raibh breis is míle duine ann an lá sin de chlann nó de bhunadh Uí Dhonnabháin as gach cearn den domhan. Ní dhéanfad dearmad go deo ar an radharc a bhí le feiscint agam ón stáitse. Bhí an áit dubh le daoine a tháinig ó chian is ó chóngar. Is cuimhin liom chomh maith gur chuireas aithne an deireadh seachtaine sin ar Dhonnabhánaigh ón Astráil. Is beag a shíleas an uair sin go mbeinn im’ chónaí anseo. Nach ait an mac an saol.
  7. Is ó Bharr na Carraige, an áit ina bhfuil feirm, podpháirc agus ionad siúlóide mhuintir Ross suite a bhfuil cuid de na radharcanna is fearr sa dúthaigh le feiscint. Sa bhliain 2006 d’fhreastal David ar chúrsa foghlamtha i mBeanntraí dar teideal ‘The Care and Maintenance of Local Heritage’ agus mar chuid den scéim sin b’éigean dó tabhairt fé thionscnamh a dhéanamh a chuirfeadh leis an áit nó leis na háiseanna áitiúla. Le cabhair óna dheartháir Alan, shocraigh David ar chosán a thógaint in aice na habhann idir a ndá fheirm, Barr na Carraige agus Gleann Aibhleann. Áit is ea í ina mbíodh na deartháireacha ag súgradh agus iad ina ngarsúin agus ba chuimhin leo laethanta fada taitneamhacha an t-samhraidh a chaitheamh innti. Bhaineadar na sceacha a bhí sa tslí agus ghlanadar amach na fiáilí, thógadar cosán ar thaobh na habhann in aice le droichead beag gleoite agus chuireadar bínse ann i dtreo ‘s go mbeadh áit ag coisithe chun a scíth a ligint agus síocháin na háite a bhraithistint. Leath-mhíle de chosán a thógadar ar dtúis.
  8. Nuair a chuir an t-Aire Éamon Ó Cuív ath-thús le scéim chun cosáin phoiblí a fhorbairt do choisithe, chuir David Ross suim innti. D’éirigh leis agus lena chomhghleacaithe naoi míle de chosáin a thógaint a bhfuil sé cinn acu tógtha ar thalamh phríobháideach. Ghlac 16 feirmeoirí páirt sa tionscnamh. Is go deonach a deineadh cuid mhaith den obair cé go bhfuarthas deontaisí ón ‘West Cork Development Partnership’ fé scéim an ‘Leader.’ Deir David go raibh coiste an pharóiste an-ghníomhach agus muintir na háite thar a bheith sásta obair a dhéanamh a rachadh chun tairbhe an phobail.
  • Bhí cuimhne ina aigne ag David Ross, cuimhne de lá tamall de bhlianta ó shin, nuair a tháinig sean-chomharsa ina threo ar mhuin capaill. Fear ab ea é a bhí aosta go maith ag an am agus dúirt sé le David go raibh sé ar a shlí go Guagán Barra ar oilithreacht, fé mar a dhein a mhuintir roimhe leis na cianta. Ní bhacfadh sé, adúirt sé, le gluaisteán ná le taisteal ar an bpríomhbhóthar ach rachadh sé ag marcaíocht thar na sléibhte ag leanúint rianta a shinsir. D’iarr sé ar David paidir a rá ina theannta, rud a dhein agus as go brách leis. D’fhan cuimhne an fhir sin ina aigne ag David.

    PastedGraphic-3

    Pod Páirc

  • Bhí sé de nós ag David agus a bhean Elizabeth an siúlóid a chleachtadh mar chaitheamh aimsire agus tá an-cur amach acu ar na cosáin agus na slite éagsúla do choisithe in Iarthar Chorcaí. Chomh maith le sin, is minic a chuadar ag campáil lena bpáistí. Bhíodar ag smaoineamh ar conas a fhéadfaidís a bhfeirm a fhorbairt gan dochar a dhéanamh don timpeallacht ach i slí a chuirfeadh leis an áit. Is le linn dóibh a bheith ag déanamh taighde a luadh na ‘Pods’ leo mar lóistín do thurasóirí. Chuadar go Sasana agus chaitheadar deireadh seachtaine taitneamhach i ‘Pod’ mar thriail agus mheasadar go n-oiriúnódh a leithéid de lóistín dá bhfeirm féin.
  • Fuair muintir Ross amach gur ar Aragal Ghallarais in Iarthar Duibhneach atá plean na bhfoirgneamh neamhghnách seo bunaithe, ach is le hadhmad, seachas le cloch, a thógtar na ‘Pods.’ Is i gCiarraí thuaidh atáid á dtógaint ag comhlacht i Leic Snámha agus dob’ é Ian Bone, ailtire ó Shasana a smaoinigh orthu ar dtúis agus a dhear iad, tar éis dó bheith fliuchtha go craiceann agus é ag campáil i gCorca Dhuibhne. Is dócha go mbaineann na ‘Pods’ le gluaiseacht ar a dtugtar ‘glamping’ atá i mbéal na ndaoine le blianta beaga anuas. Táid thar a bheith oiriúnach d’aimsir na hÉireann.
  • Ní rachad isteach níos mó i scéal na ‘bPods’ ach amháin a rá go bhfuil na tithe beaga seo te, glan agus cluthar. Agus i bhfad níos compórdaí ná puball! Tá na praghasanna réasúnta leis. Mholfainn d’éinne féachaint ar shuíomh idirlín an ionaid, topoftherock.ie . Tá an áit an-oiriúnach do dhaoine go dteastaíonn uathu Iarthar Chorcaí a thaisteal nó freastal ar cheann de na himeachtaí a bhíonn ar siúl sa cheantar nó do dhaoine nó do ghrúpaí atá ag siúl ar cheann de na slite a thagann le chéile anseo, mar atá: Slí Mhuintir Bháire (The Sheep’s Head Way) agus Slí Bharra (St. Finbarr’s Way). Tá cur síos ar an suíomh idirlín ar na siúlóidí a bheidh á reachtáil i gcaitheamh na bliana, go háirithe an siúlóid/ oilithreacht go dtí an Guagán um Cháisc agus an ‘Contemplative Walk’ níos déanaí sa bhliain. Tá an t-ionad féin nua-tógtha agus tá gach áis ann don turasóir. Tógadh é go héiceolaíoch agus úsáidtear teas na gréine don aibhléis agus uisce ón tobar a thocail muintir Ross breis is daichead bliain ó shin. Bainfidh leanaí sult as na hainmhithe , go háirithe as ‘Daisy’ an madra agus bainfidh gach éinne tairbhe as tamall a chaitheamh in áit álainn, síochánta mar í le daoine fáiltiúla cabhracha.
  • Fágfad an focal scoir fé David Ross féin: “Theastaigh uainn,” adúirt sé, “rud a thógaint anseo a chuirfeadh le h-áilleacht na háite a thug Rí na nDúl dúinn. Áit fé leith atá anseo, áit inar féidir flaithiúlacht Dé a fheiscint in aoibhneas an dúlra agus sa tsíocháin atá le braithistint.” Duine é David a bhfuil creideamh láidir aige ach tá féith an ghrinn ann freisin: “We cover four acres with birdseed every year,” ar seisean. “ ‘Tis for the birds – and so am I!”

Nótaí

Alt 1

“ … traidisiún na hoilithreachta ..” – the tradition of pilgrimage.

“Tá sé de nós ag daoine…” = It is the custom of people. “Tá sé de nós + ag (agam, agat, aige, aici again, agaibh, acu)” mar shampla: “Tá sé de nós agam cupán caifé a ól ag am lóin,” “Tá sé de nós ag Liam dul a chodladh go luath.”

“díseart” = a hermitage. Tá seo le fáil i logainmneacha in Éirinn, go háirithe i gCúige Mumhan m. sh. Cill an Dísirt (Killadysert) i gCo. an Chláir agus Buaile an Dísirt (Ballindysert) i gCo. Phort Láirge, mar ar saolaíodh an tAth. Pádraig Breathnach, bailitheoir amhrán.

“pátrún” = lá spóirt agus spraoi ar lá fhéile naoimh – a ‘pattern’ day.

“ …is mó a shamhlaítear …” + le = is most associated [with], is mó a shamhlaíodh [le] = was most associated [with] srl. NB Úsáid an saorbhriathair.

Alt 2

“ … chuaigh … go mór i bhfeidhm air”= affected him profoundly/ made a big impact on him. ‘Téigh’+ ‘i bhfeidhm’+ ‘ar;’ m. sh. “Téann scannáin brónacha i bhfeidhm orm i gcónaí. Is minic a mbíonn na deora liom agus mé ag féachaint orthu.” [Sad films always affect me. I often cry while watching them].

“ … léargas… ar an ólachán agus ar lean é” – an account of the drinking and all that followed it/ went with it.

“ … idir fhoréigean agus ainriantacht na ndaoine.” – both the violence and the licentiousness of the people.

“Aimsir na faicseanaíochta …” – the era of the faction fights.

Alt 3

“ … aibhéil …” – exaggeration

“ … go gcailltí…” –used to die; “…gur cailleadh…” – died. Both are passive forms, saorbhriathra sa Ghnáthchaite agus san Aimsir Chaite.

“Ach is mór idir inné agus inniu” – things have changed a great deal since then/ times have changed.

“ …aragal …” = séipéal beag [an oratory]; “ … aolchloch…” – limestone.

“… Inse Ghall” – the Hebrides.

Alt 4

“ … mar a bhfuil ‘An Táilliúr agus a bhean chéile ‘Ansty,’ curtha – an áit ina bhfuil = where/ the place in which the ‘Tailor’ and his wife ‘Ansty’ are buried; cf. Eric Cross’s book of that title.

“Is mó paidir …” – Many is the prayer…

Alt 5

“… go rabhas féin …” = go raibh mé féin (1 ú pearsa, Uimhir Uatha, Aimsir Chaite, Foirm Tháite den mbriathar ‘bí.’

“ … mar is fearr aithne air.” – as it is better known.

“ … bhí léite againn …” = bhíomar tar éis léamh – we had read.

“ … dul siar … ar bhóithrín na smaointe” – to go down memory lane.

“ … dúthaigh.” = dúiche, ceantar – the area.

Alt 6

“…baint …” = ceangal – a connection

“… chun tathaint ar na daoine …” = chun áiteamh ar na daoine – to persuade the people. NB Tathaint /áiteamh + ar. If someone is very persuasive and won’t give up, you say to him: “D’áiteofá muc ar shagart!” lit. “You would persuade a pig on a priest” i.e. You would persuade someone to buy something for which he has no use. In modern parlance: “You could sell snow to the eskimos.”

Alt 7

“ … fogha … faoi Chaisleán Uí Dhonnabháin.” = ionsaí ar Chaisleán Uí Dhonnabháin. Tugtar fogha faoi rud ACH deintear ionsaí ar rud. Mar shampla: Thug na saighdiúirí fogha faoina naimhde – Dhein/ Rinne na saighdiúirí ionsaí ar a naimhde. [The soldiers atta cked their enemies].

“… ar éigean…” – This is an adverbial phrase meaning hardly/ barely/ with difficulty. Not to be confused with “éigin” meaning ‘some’ as in ‘duine éigin,’ ‘áit éigin,’ – someone, some place.

“obair chaomhnaithe” – conservation work. The verb is ‘caomhnaigh’ – to preserve/ conserve/protect.

“… lear mór airgid …” = méid mór airgid. NB ‘airgid’ – ainmfhocal firinscneach sa Tuisil Ginideach; ‘airgead’ sa Tuisil Ainmneach.

“… dhoineann…” doineann = droch-aimsir. Ciallaíonn ‘soineann’ dea-aimsir.

“Ní raibh aon dul amú ar thaoisigh Clainne Chathail..” – the lords of Clann Cathail made no mistake/ did not err.

[Clann Cathail is the name given to the senior branch of the O’Donovan clan. The other two branches are Clann Lochlainn and Sliocht Ainéislis.]

Alt 8

“… breis is míle duine …” = níos mó na míle duine. NB Deirtear ‘míle duine’ seachas ‘míle daoine.’ Úsáidtear an uimhir uatha den ainmfhocal i ndiaidh: fiche, tríocha, daichead, caoga, seasca, seachtó, ochtó, nócha, céad, míle, milliún.

“… nó de bhunadh …” – or of origin. Mar shampla: “Is de bhunadh na hÉireann mé” – I am of Irish descent/ my ancestors were from Ireland.

“Ní dhéanfad…” = Ní dhéanfaidh mé – 1ú pearsa, Uimhir Uatha, Aimsir Fháistineach, Foirm Tháite den mbriathar ‘déan.’

“… ó chian is ó chóngar.” – from far and near. ‘Cóngar’ can also mean a shortcut. Mar sh. ‘Is cóngar é an bóthar sin, téann sé thar an gcnoc.’ [That road is a shortcut, it goes over the hill].

“Nach ait an mac an saol” – Isn’t life strange.

Alt 9

“ … d’fhreastal David ar …” – David attended a …

“… b’éigean dó …” = bhí air – he had to, was obliged to.

“…tabhairt fé …” – to undertake.

“… a chuirfeadh leis an áit..” = a chuirfeadh feabhas ar an áit – which would add [something] to the place/ which would improve the place..

NB cuir+le. Mar sh. ‘Chuir ceol na cláirsí go mór leis an ócáid’ – The harp music greatly enhanced the occasion.

“… idir a ndá fheirm…” – between their two farms.

“ … agus iad ina ngarsúin…” = agus iad ina mbuachaillí óga. [Tháinig an focal ‘garsún’ isteach sa Ghaeilge aimsir na Normannach. Ón bhfocal ‘garçon’ na Fraincise a tháinig sé. Tá ‘garsún’ comónta sa chaint i gCúige Mumhan i gcónaí].

“ … coisithe…” – walkers, pedestrians. NB ‘coisí’ atá san Uimhir Uatha.

“ … a bhraithistint…” = a bhraith – to feel, to perceive, to experience. NB Not to be confused with ‘brath’ which has several meanings. See Ó Dónaill’s Dictionary.

Alt 10

“ …innti…” = inti. Sean-litriú atá agam anseo, ar nós ‘chugham,’ in ionad chugam. Níl aon difríocht san urlabhairt.

“ … lena chomhghleacaithe…” – with his colleagues. ‘Comhghleacaí’ atá san Uimhir Uatha. Tá ‘comhleacaí’ agus ‘comhleacaithe’ ann freisin.

“ … a deineadh…’ = a rinneadh. Saorbhriathar aimsir Chaite atá anseo. Glactar leis an dá fhoirm: ‘deineadh’ atá i gcanúint na Mumhan, ‘rinneadh’ atá sna chanúintí eile.

“ … a bhfuarthas…” – Saorbhriathar, Aimsir Chaite den mbriathar ‘faigh.’ ‘Fuarathas’ a deirtear.

“ … a rachadh chun tairbhe an phobail.” = a dhéanfadh maitheas don phobal.

Alt 11

“ … leis na cianta.” = leis na céadta bliain, le fada an lá. Feic Alt 8 “ ó chian is ó chóngar.” ‘Cian’ can be far back in time as well as far distant; Uimhir Iolra: cianta = ages/ aeons.

“ … rianta a shinsir.” = céimeanna na ndaoine a chuaigh roimhe – the steps of his ancestors. ‘Rian’ is a trace or a track. ‘Sinsear’ sa Tuisil Ainmneach ach Tuisil Ginideach ‘a shinsir’ (of his ancestors) atá anseo.

“ … as go brách leis.” – off he went/ away with him.

Alt 12

“ Bhí sé de nós ag …” – feic nóta, Alt 1.

“ … tá an-cur amach acu ar …” – they have great knowledge of/ experience of.

“ … luadh na ‘Pods’ leo…” – the ‘Pods’ were mentioned to them. Saorbhriathar Aimsir Chaite. Rud a lua – to mention something. The verb is ‘luaigh.’

“ … go n-oiriúnódh…” = go mbeadh [siad] oiriúnach/ feiliúnach – that they would suit/ be suitable. Modh Coinníollach atá anseo.

 

Alt 13

“… Aragal Ghallarais in Iarthar Duibhneach…” – Gallarus Oratory in west Kerry/ on the Dingle Peninsula.

“ … atáid á dtógaint…” = atá siad á dtógaint – that they are being built. ‘Atáid’ – 3 ú pearsa, Uimhir Iolra, Aimsir Láithreach, Foirm Tháite.

“ … ailtire…” – an architect.

“ … agus a dhear iad…” – and designed them.

“ … tar éis dó bheith fliuchtha go craiceann …” – after he had been drenched to the skin.

“ … Corca Dhuibhne …” – West Kerry, the Dingle peninsula.

[‘glamping’ = glamorous camping.]

Alt 14

“ Ní rachad isteach níos mó i scéal na ‘bPods’ ach amháin a rá …” – I won’t say any more about the ‘Pods’ except …

“ … cluthar” = teolaí – cosy.

“ …puball” – a tent.

“ … mar atá …” – which are …

“ … a bheidh á reachtáil …” – which will be organised …

“ … go héiceolaíoch…” – ecologically.

“ … aibhléis …” = leictreachas.

Alt 15

“ … an focal scoir …” – the final words, the parting shot.

“ … Rí na nDúl …” – the King of Creation (God).

“ Áit fé leith …” – a special place.

“ … flaithiúlacht Dé …” – God’s generosity. NB ‘Dia’ atá sa Tuisil Ainmneach, ‘Dé’ atá sa Tuis. Ginideach.

“ … tá féith an ghrinn ann …” – he has a sense of humour.

 Miriam Uí Dhonnabháin