Aistriúcháin

images-3

Library Books

By Colin Ryan

It is important to translate books from Irish into other languages, but still more important to translate from those languages into Irish. Translations deepen our understanding of the world, broaden our culture and save us from parochialism. 

Aistriúcháin

Cúis díomá do dhaoine nach mbíonn leabhair Ghaeilge á n-aistriú go teangacha eile. Is mó an chúis díomá, b’fhéidir, nach mbíonn i bhfad níos mó leabhar á n-aistriú ó theangacha eile go Gaeilge. Cinnte, tagann cor-aistriúchán filíochta amach, agus bhíodh an prós le fáil freisin. (Faoi fhad láimhe dom tá ‘Scéalta Sealgaire,’ saothar de chuid Turgenev ar chuir Máighréad Ní Mhaicín Gaeilge air agus a tháinig amach sa bhliain 1954. Ba dheacair duit a leithéid a fháil anois.)

Ní furasta do litríocht na Gaeilge an paróisteachas a sheachaint. Tugann leabhair ó chultúir eile léargas dúinn ar shaol daonna de chineál eile agus déanann siad ár dtuiscint ar ár gcultúr féin agus ar an domhan mór a fheabhsú dá réir.

Is fánach an gnó an t-aistriú i dteanga ar bith, é á dtreorú ag an bhfaisean, ag an timpiste, ag gnóthaí tráchtála, ag rogha an duine. Fágtar mórán leabhar suimiúil gan aistriú dá bharr, go háirithe más i dteangacha neamhfhorleathana atá siad. Cuimhnímis, mar sin, ar theanga a labhraítear go han-fhorleathan: an Fhraincis. Dá mbeimis dáiríre faoi chúrsaí aistriúcháin bheadh leaganacha Gaeilge de Zola, de Balzac agus de Flaubert againn i nGaeilge, gan trácht ar scríbhneoirí ár linne féin – Yannick Haenel, Andreï Makine, Annie Ernaux agus eile. Bheadh úrscéalta á n-aistriú ó Ghearmáinis agus ó Spáinnis freisin. B’fhiú dul ar lorg scríbhneoirí fiúntacha nach bhfuil teacht orthu i mBéarla. Ní gá an sean-iomaire céanna a threabhadh i gcónaí.

Tá teanga eile fós ann: an Bhreatnais. Is aisteach an scéal é gur ar éigin atá eolas ar an teanga sin i saol na Gaeilge – comhartha eile ar aigne chúng na nGaeilgeoirí. Tá litríocht bheoga comhaimseartha i mBreatnais ach diabhal focal di a gheofá i nGaeilge.

Dá bhfiafrófá cén uair a rachfaí i mbun an tionscadail atá pléite thuas, ní bhfaighfeá aon fhreagra sásúil. Níl foilsitheoirí na Gaeilge sásta aistriúcháin den saghas sin a choimisiniú agus níl aon duine ag áitiú orthu é a dhéanamh. D’fhéadfadh Foras na Gaeilge scéim a chur ar bun chuige, ach is fada go ndéanfar é. Níl de leigheas ar an scéal againn ach ár ndóthain de Fhraincis nó de Ghearmáinis (nó d’Ungáiris, de Sheapáinis agus eile) a fhoghlaim chun litríocht na dteangacha sin a léamh. Ansin, ar deireadh thiar thall, b’fhéidir go dtosóimis ag tiontú leabhair an domhain go Gaeilge.

Colin Ryan has published fiction, poetry and journalism in Irish.