A Tribute to the Irish poet Máire Mhac an tSaoi (1922-2021)

by Colin Ryan

Máire Mhac an tSaoi (tintean.org.au)

Bás file: Máire Mhac an tSaoi

Poet and scholar Máire Mhac an tSaoi died this year at an advanced age, leaving us some of the most remarkable modern lyrics in Irish.

Fuair an file agus scoláire Máire Mhac an tSaoi bás i mbliana, agus ba ghearr gur thosaigh an t-adhmholadh.  D’fhoilsigh sí an chéad chnuasach aici, Margadh na Saoire, i 1956 agus í ina tríochaidí. D’fhoilsigh sí ceithre cinn eile, in éineacht le haistriúcháin, úrscéal gearr, ábhar scolártha agus féinbheathaisnéis. Chomh maith leis sin, ba í an chéad bhean in Éirinn ar glacadh léi mar abhcóide, agus bhí sí ina taidhleoir idir 1947 agus 1962. Is beag an t-ionadh a tugadh ceannródaí uirthi.

As well as her writing, she was the first woman in Ireland to be accepted as a barrister, and she was a diplomat from 1947 and 1962.

Bhí an-mheas aici ar an traidisiún clasaiceach agus máistreacht aici air, mar is léir óna saothar; ach chuir sí cuma dá cuid féin air, cuma nua sholúbtha a d’fhéad aigne an tsaoil chomhaimseartha a chur in iúl. Bhí fonn uirthi filíocht na Gaeilge a fhuascailt ó na seanlaincisí gan an dúchas a chartadh.

Is minic ráite gur cheannródaí í mar bhanfhile: guth nua nárbh fhéidir a shéanadh, eiseamláir ag na mná a leanfadh í, cé go ndeachaigh gach duine acu siúd a bealach féin. Ba dheacair a chuimhneamh ar fhile eile, bean nó fear, a raibh an cur amach céanna aige ar an sean agus an nua le chéile.  

She valued tradition but was also keen to modernise Irish language poetry with a blend of old and new.

Mar scolaire bhí sí thar barr, rud is furasta a aithint ar an taighde a rinne sí ar Ghearóid Iarla agus ar Phiaras Feiritéar i gcúrsaí litríochta, béaloidis agus staire. D’aistrigh sí dánta ó Spáinnis, ó Fhraincis agus ó Ghearmáinis, agus fiú ó Bhéarla (Shakespeare).

She was an excellent scholar of literature, folklore, and history, and she translated poems from Spanish, French, German, and even English (Shakespeare).

Is deacair don dream óg a thuiscint anois cé chomh coimeádach agus chomh himníoch is a bhí Éire le linn óige an fhile. Bhí dianchinsireacht ann, agus ba dhóigh leat go raibh cosc ar racht agus ar thocht, go háirithe i gcúrsaí collaíochta. Ach bhí a fhios ag an bhfile conas a racht a chur di le friotal a bhí idir ghreanta agus ghéar agus na seandaingne a chur in aer. Tá sé ráite nach ligfeadh an chinsireacht di roinnt rudaí a fhoilsiú más i mBéarla a breacadh iad; ach níor tugadh aird ar an nGaeilge.

It would be difficult for young people to appreciate how oppressive Irish society was during her youth. Some of her work would have been banned had it been written in English; but Irish was ignored.

Rud nua ar fad i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge ba ea ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin,’ dán a labhraítear i nguth mná óige a bhí ina leannán, más fíor, ag an bhfile Muimhneach Donncha Mac Con Mara san 18ú haois. Tá racht agus tnúth ann, agus ní cheiltear an chollaíocht.

Her voice is the voice of a young woman who did not hide her sexuality.

Beag beann ar amhras daoine,
Beag beann ar chros na sagart,
Ar gach ní ach bheith sínte
Idir tú agus falla –

Neamhshuim liom fuacht na hoíche,
Neamhshuim liom scríb is fearthainn,
Sa domhan cúng rúin teolaí seo
Ná téann thar fhaobhar na leapa…

I dtaca le stíl de, is minic creat traidisiúnta ar a saothar: ach éiríonn léi blas beo pearsanta a fhágáil air – athnuachan traidisiúin. Tá solúbthacht inti a ligeann di a rogha meadaireachtaí a úsáid de réir a haigne:

Her style is traditional but with a personal and flexible touch.

Scéal ar iníon a’ Londraigh, an planda
d’fhás sa bhfoithin
Gur iompaigh críon is feoite gan lámh
a theacht ‘na gaire,
Cé hé anois a ‘neosfaidh?
Ní mise é ná ise….

Dúirt sí nárbh fhéidir léi dán a scríobh gan é a theacht aníos óna croí. Tá an paisean agus an cheardúlacht fite fuaite ina chéile ina saothar, agus b’fhéidir nach mbeadh a leithéid arís ann.

She said that she could only write from the heart. Passion and craft are intertwined in her work, and perhaps we will not see the likes of her again.

See also her poem on the GPO in 1986 https://tintean.org.au/2017/05/06/24476/