Annie Adams’ famous uncles

 

James-Street-BridgeTwo great uncles of Annie Adams (Melbourne Irish language student) founded the Mayo News in 1892 and took part in many of the key activities in the fight for Irish independance. Last year a bridge in Wesport known as James Street Bridge was named The Doris Brothers Bridge in honour of the pair, William and P. J Doris. William was elected to the Irish Parliamentary Party for West Mayo twice. P.J. Doris spent eight months in Frongoch prison following the Easter Rising in 1916.
A full English translation is located on  www.gaeilgesanastrail.com

Newsletter Samhradh 2016-17

Reproduced from An Fhuinneog Ghaelach with permission from Cumann Gaeilge na h-Astráile.

Doris Brothers BridgeSa bhliain 1892 bhunaigh beirt deartháireacha ó Chathair na Mart, William agus P.J. Doris, The Mayo News, a bhí clóite agus foilsithe i Sráid Shéamais.  Bhí baint mhór acu le cúis na h-Éireann. Páipéar Náisiúnach a bhí uathu. Roimhe sin, ba iriseoir óg é William le beagán eolais ar dlíthe na tíre agus mar sin  bhí sé ina eagarthóir.

Bhain siad úsáid as an bpáipéar chun Rialtas Westminster a ionsaí faoi cheist na talún agus Neamhspléachas na h-Éireann.   B’é William an chéad Rúnaí ar Chumann na Talún agus chabhraigh sé leis an gcruinniú stairiúil  a eagrú i Westport in ar ghlac Charles Parnell agus Michael Davitt páirt. Sa bhliain 1881 bhí lámh aige i ndréachtú an bhforógra cáiliúil ‘No-Rent Manifesto’. De bharr a chuid gníomhaíochtaí i gCumann na Talún chaith sé 6 mhí i bpríosún iDún Dealgan

Freisin, bhí William ina bhall den chéad Comháirle Contae Mhaigh Eo agus Comhairle Dúiche Uirbeach Chathair na Mart . Sa bhliain 1910 toghadh William mar an t-iarrthóir do Pháirtí na h-Éireann um Iarthar Mhaigh Eo i dTeach na dTeachtaí, Westminster, agus  athtoghadh é i 1915.

Faoin am seo bhí P.J. ina eagarthóir ar The Mayo News.  De cheal radio agus teilifís , b’é an nuachtán seo an phríomh ábhair cumarsáide.   Baineadh úsáid as  oráide William mar pholasaí eagarthóireachta.  Chreid siad go raibh a lán curtha i gcrích ag Pháirtí na h-Éireann don phobal talmhaíochta ach nach raibh morán déanta ar son na n- oibrithe agus na mbochtán.

Bhí P.J.páirteach i gConradh na Talún agus i mBráithreachas na bhFíníní.   Bhí an bheirt dheartháireacha páirteach in obair Dlí Aontas na mBocht le haghaidh cearta vótála  na n-íocóirí rátaí boichte.   Ghlac William páirt go ghníomhach i ndíospóireachtaí faoi Rialtas Dúchais, agus bhí a phríomhfhócas ar Thionóntachtaí agus Ceartas Soisialta san Éirinn nua.

Idir an dá linn, thosaigh a dheartháir P.J., a bhí ar ais i gCathair na Mart, ag tacú leis  an  bPairtí Sinn Féin.  Bhain sé úsáid as a eagarthóireachtaí chun é sin a chur i bhfeidhm.   Mar thoradh ar sin, chuir Na Rialach Breataine (Cogar Domhanda 1) cosc ar The Mayo News ar feadh 5 seachtaine.   Nuair a bhí deireadh leis an gcosc, scríobh P.J. nár thuig sé cúis an choisc, de bharr  nach  raibh aon rud foilsithe a bheadh úsáideach don namhaid .

B’é an t-iarrthóir Sinn Féin in Iarthar Mhaigh Eo ná Joseph McBride, deartháir Major John McBride.  Ag an gcéad toghcán eile, bhí polasaí P.J. Doris san Mayo News cinnte ar thaobh Shinn Féin.  Nuair a d’fhill a dheartháir William ar ais chun cur isteach ar  a shuíochán athuair d’ ionsaigh an nuachtán Páirtí na h-Éireann.  Bhí sé soiléir go raibh an coibhneas idir an  bheirt doicheallach, ach tar éis  an suíochán a bheith caillte ag William, bhíodar go h-iomlán in easaontas don chuid eile dá shaol, de réir formhór na ndaoine.

1916: Mar geall ar a ról suntasach in Óglaigh na h-Éireann agus Sinn Féin, cuireadh P.J.Doris i gcampa géibhinn ar feadh  8 mhí  i Frongoch, sa Bhreatain Bheag, chomh maith le 30 fear eile ó Chathair na Mart.  Bhí Michael Collins  ann freisin.   Tá sé ráite gur thug Collins ceachtanna in ‘guerrilla tactics’ do phríosúnaigh Éireannacha  in ‘Ollscoil na Réabhlóide’.

D’aontaigh P.J. le Conradh 1921.  Thaobhaigh sé le Michael Collins i gCogadh Cathartha na hÉireann, ach go gearr ina dhiaidh sin mhaolaigh a cheangal polaitiúila.  D’fhill William chun cónaí i mBaile Átha Cliath don chuid eile dá shaol: ‘Redmondite’ agus ‘Dev-Man’ ab ea é.   Is léir, cosúil le líon mór dá nglúin féin, nach raibh an bheirt deartháireacha ar an intinn céanna maidir leis an gcaoi a d’fhéadfaí  Saoirse na h-Éireann a bhaint amach.  Sin mar a bhí an scéal ag an am.

2016:

I mí Bealtaine na bliana seo, 2016, d’fhreastail Uachtarán na h-Éireann, Micheál D. Ó hUiginn, ar an Cuimhneachán mór Céad Bliain i gCathair na Mart.   Nocht sé plaic ar leach chuimhneacháin Major John McBride i gcuimhne  na 31 fir a bhí gafa ann i 1916.

William_DorisIn aice láimhe, tá seandroichead álainn ar Shráid Shéamais, an áit inar bunaíodh The Mayo News.  Bhíodh an droichead seo in úsáid go laethúil ag William agus  P.J. Doris.   Ní raibh ainm oifigiúil air riamh.   Ach, ar an lá céanna, ag an  gCuimhneacháin speisialta seo, ainmníodh é, le plaic ‘The Doris Brothers Bridge’, tiomnaithe don bheirt ceannródaithe den bhaile seo.   B’iad Cumann Staire Chathair na Mart agus The Mayo News fé ndear an tionscnamh seo.  Ag smaoineamh ar an gcaidreamh, na hidéil ársa agus eascairdeas  na deartháireacha, tá an ‘Droichead ‘ anois an-shuntasach agus shiombalach.

 

Tá suim speisíalta pearsanta agamsa i dtaobh an scéal seo a scríobh.  Bhí  mo dheirfiúr agus mo dheartháireacha i dteannta líon mór gaolta i láthair ag an gceiliúradh seo.  Dúinne, i gcónaí ba ‘Uncle Willie’ agus ‘Uncle P.J.’ a bhí ins an mbeirt deartháireacha seo . Deartháireacha iad dár seanmháthair, Mary Anne Doris, a phós ár seanathair Peter Donnelly.  Agus táimid ana-bhródúil astu.

Áine (Annie) Adams,  Rang Éamon,  Cumann Gaeilge na h-Astráile,  Melbourne.