Ó dhúchas

UnknownThe Aboriginal languages of Australia are infinitely older than either Irish or English and carry with them an invaluable inheritance. It is worthwhile for Australian Irish speakers in particular to remember this and to support the maintenance or revival of the indigenous languages of their country.

Ó dhúchas

In Iarthar Eorpa tá Éire ar an tíortha is déanaí ar bhain daoine amach iad. Timpeall 9,000 bliain ó shin a thosaigh daoine ag cur fúthu in Éirinn, fiagaithe agus bailitheoirí ar dtús agus ansin na chéad fheirmeoirí. Ní dócha go raibh aon saghas Gaeilge acu: b’fhéidir nár tháinig teanga Ceilteach i dtír go dtí an chéad haois RCh (3,000 bliain ó shin) agus ní de bharr ionraidh é. Is éard ba chúis leis, b’fhéidir, nósanna nua reiligiúnacha agus sóisialta a theacht isteach ón mór-roinn trí ghréasán caidrimh agus trádála.

Cuimhnímis anois ar an Astráil. Ar an bhfianaise atá againn anois tá daoine ina gcónaí anseo le 50,000 bliain ar a laghad. Bhí gnásanna agus teangacha na mBundúchasach faoi bhláth i bhfad sula raibh trácht ar Ghaeilge in Éirinn nó ar Bhéarla i Sasana. Is iomaí athrú a tháinig ar dhreach na tíre ó shin, ach d’éirigh leis an gcéad chine úd gach cor a chur díobh go dtí teacht na nEorpach.

Sa lá atá anois ann tá tacaíocht stáit le fáil ag an nGaeilge in Éirinn mar theanga ‘dhúchais’ na tíre (fiú más ó bhéal an chuid is mó di – sin ábhar ailt eile.) A mhalairt de scéal atá le fáil san Astráil. An beagán teangacha Bundúchasacha atá beo go fóill (i lár agus i dtuaisceart na tíre) is beag aird a thugann polaiteoirí agus lucht oideachais orthu, fiú nuair a chuireann teangeolaithe in iúl gur fusa go mór do pháistí Bundúchasacha máistreacht a fháil ar an mBéarla má thugtar deis dóibh roimh ré léamh agus scríobh a dteanga féin a fhoghlaim. Ach i ndeisceart agus in oirdheisceart na tíre tá dreamanna Bundúchasacha ar a seacht ndícheall ag athbheochan roinnt teangacha a fágadh ina dtost de dheasca na treascartha coilíní. Gluaiseacht phobail atá i gceist agus cosúlacht éigin aici, mar sin, le gluaiseacht na gaelscolaíochta in Éirinn.

Ní gá an Ghaeilge a athbheochan: bhí sí beo riamh agus anois tá sí ag fás arís in áiteanna a bhí tréigthe aici. Tá an Ghaeltacht ag meath ach tá an leanúnachas ann mar sin féin, cé gur maith le daoine éigin é a shéanadh. An té arb áil leis staidéar a dhéanamh uirthi ó thaobh na staire de tá téacsanna agus taifid de gach saghas faoina láimh aige. Sa limistéar uirbeach tá pobal oilte ag cur na teanga chun cinn agus fáil acu ar na háiseanna cumarsáide is nua chuige. Ní mar sin don té atá ag iarraidh teanga bheo nó athbheo de chuid na mBundúchasach a chothú, cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal. I gcás na dteangacha úd atá á n-athbheochan, caithfear blúirí eolais a bhailiú anseo is ansiúd, iad a chur le chéile, pointí foghraíochta a dhearbhú agus bearnaí a líonadh le focail ó theangacha gaolmhara.

Ní mór d’aon duine atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú san Astráil cuimhneamh ar shainteangacha agus ar shainchultúir a thíre féin. I ndeireadh an 18ú haois a shroich an Ghaeilge an Astráil agus an Béarla (bail ó Dhia air) lena chois, agus gan ceachtar acu beo sa tír seo ach leathnóiméad féin le hais réim na seanteangacha dúchais. Ní féidir le Gaeilge ná le Béarla dúchas domhain dothomhaiste na tíre a chur in iúl mar a dhéanann Warlpiri nó Yolngu Matha. Is fiú teangacha dúchais na tíre a chaomhnú agus a neartú agus na háiseanna cuí a chur ar fáil chuige. Agus is cóir dúinn mar Ghaeilgeoirí treisiú leis an obair, más féidir linn.

Colin Ryan has published fiction, poetry and journalism in Irish. Cló lar-Chonnacht, the Irish language publishing house, has just brought out a collection of short stories in the Irish language by by Colin,  a very rare phenomenon in Australia.