Tionscnamh Amhrán na hÉireann – The Irish Song Project

73_Merrion_Square

The home of the Irish Traditional Music Archive – Taisce Cheol Dúchais Éireann at 73 Merrion Square, Dublin 2, Ireland

By Miriam Uí Dhonnabháin

The following is an account of The Irish Song Project Symposium at which I was a speaker, which was held at Queen’s University Belfast in September 2014. Rather than offer readers of Tinteán a translation of the piece, I decided to provide a glossary of unfamiliar terms and usages and some grammatical notes on the verbs. I have assumed that readers will have access to a good dictionary such as Dinneen’s or Ó Dónaill’s. All words and phrases in bold print are annotated.

Alt 1 – Bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam bheith i láthair le déanaí ag siompóisiam in Ollscoil na Banríona ‘i mBéal Feirste cois cuain’. Mheasas go mb’fhéidir go gcuirfeadh léitheoirí Tinteán suim in imeachtaí an dá lá a thugamar ag plé stair agus cúlra na n-amhrán in Éirinn.

Alt 2 – Tá tionscnamh ar siúl le blianta beaga anuas atá lonnaithe i Scoil an Bhéarla in Ollscoil na Banríona ina bhfuil taighde á dhéanamh ar stair agus ar fhorbairt na n-amhrán in Éirinn, ón tréimhse luath anuas go dtí tús na naoú haoise déag. Glaotar an ‘Irish Song Project’ ar an tionscnamh seo agus is í príomh-aidhm an tionscnaimh ná tíopeolaíocht stairiúil na n-amhrán a chur ar fáil. Táthar ag déanamh taighde ar genres éagsúla, ar leaganacha difriúla d’amhráin, ar amhráin diaga agus tuata agus ar amhráin a cumadh i dteangacha éagsúla (Gaeilge, Béarla, Laidin agus Fraincis na Normannach) in Éirinn.

Alt 3 – Fé mar a dúras, bhí an siompóisiam ar siúl ar feadh dhá lá, an t-ochtú agus an naoú la déag de Mheán Fómhair agus stad níor tháinig ar an obair le linn an ama sin. Tugadh dhá mhór-léacht, ceann ar na bailéid i mBéarla ón ochtú haois déag a thug John Moulden uaidh ar an 18ú lá agus an tarna ceann a thug Nicholas Carolan uaidh an lá dár gcionn. Is ar lámhscríbhinní Phádraig Uí Loingsigh (c.1756-1838) i gCnuasach Bunting i mBéal Feirste a bhí Nicholas Carolan ag caint, lámhscríbhinní ina bhfuil amhráin a bhailigh Ó Loingsigh do Bhunting i gCúige Chonnacht sa bhliain 1802. Fé mar a tharla, níor fhoilsigh Bunting téacsanna na n-amhrán sin ina leabhair ina dhiaidh sin tar éis an dua ar fad a chaith Ó Loingsigh lena mbailiú agus phléigh Nicholas Carolan na cúiseanna a fhéadfadh a bheith le sin.

Alt 4 – ‘18th Century Irish Ballads – “The Best English-Irish Poetry before Yeats”?’ an teideal a bhí ar léacht John Moulden agus bhí ar a chumas a léacht a leiriú go héifeachtach lena ghlór breá. Ní raibh air ná ar éinne eile de na cainteoirí dul i muinín na teicneolaíochta chun amhrán a chur ar fáil don lucht éisteachta, cé go raibh léaráidí ‘Powerpoint’ agus eile ag na cainteoirí, leis. Cuireadh an-bhéim ar an amhránaíocht mar ealaín bheo tríd síos agus tá an dearcadh sin le feiscint in obair an tionscnaimh trí chéile.

Alt 5 – Chomh maith leis an dá mhór-léacht, léadh páipéirí ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún na hamhránaíochta. Mise an chéad duine a chuir páipéar i láthair agus is ar na hagallaimh [dialogue songs] a bhíos ag cur síos. D’fhéachas ar stair an agallaimh. Ar dtúis thugas sracfhéachaint ar agallaimh a cumadh sna meánaoiseanna sa bhFraincis agus sa Ghearmáinis agus dheineas tagairt do thraidisiún Zajal na nArabach freisin, roimh dhom díriú isteach ar an agallamh in Éirinn agus go háirithe ar dhá agallamh i lámhscríbhinn James Goodman, 1857 dar teideal Seaghanín Aorach agus William O’Reilly. D’fhéachas ar leaganacha éagsúla de Seaghánín Aorach i gCúige Mumhan agus i gContae Mhuigh Eo. Labhras leis ar thraidisiún an malmariée san amhránaíocht Ghaelach agus ar na hamhráin i nGaelainn agus i mBéarla a bhfuil ‘Reilly’ éigin luaite iontu nó ina dteidil. Chanas dhá véarsa d’agallamh greannmhar mar gheall ar chúrsaí cleamhnais a leagtar ar Thomás Rua Ó Súilleabháin.

Alt 6 – Léigh Lillis Ó Laoire páipéar dar teideal ‘Reifying Irish Song: In the interstices of orality and literacy.’ Is ins na ‘interstices’ nó na scáintí a thagann an traidisiún béil agus an traidisiún liteartha le chéile. Dhein sé comparáid idir leaganacha éagsúla den amhrán ‘An Caisideach Bán,’ a cumadh timpeall na bliana 1705 agus a leagtar ar Thomás Ó Casaide. Amhrán is ea é atá le fáil go forleathan agus chuir Lillis Ó Laoire sé cinn de leaganacha ós ár gcómhair. Ina measc chualamar leagan den amhrán ó dhuine de mháistrí an tsean-nóis, Darach Ó Catháin. Dúirt Lillis féin cúpla stéibh de leagan eile agus labhair sé chomh maith ar leagan Oileán Thoraidh an amhráin. Is údar aitheanta é Lillis ar amhráin an oileáin sin. Chuir sé síos ar mheon an bhailitheóra George Petrie i leith na n-amhrán i gcoitinne, gur chreid Petrie go bhféadfaí teacht ar leagan bunaidh nó ‘ur-text’ amhráin. Tuairim í sin atá ag teacht salach ar thuairimí scoláirí an lae inniu ar sheachadadh na n-amhrán sa traidisiún, dar ndóigh.

Alt 7 – An teideal a bhí ar pháipéar Conor Caldwell ná ‘Developing dance music from the song tradition,’ páipéar inar labhair sé ar na malairtí idir an ceol agus an amhránaíocht. Leag sé béim ar an tábhacht a bhí le ‘puirt a’ bhéil’ nó ‘lilting,’mar thionlacan do rinnceoirí nuair nach raibh ceol úirlise le fáil. Thuairimigh sé gur chuaigh an nós sin i bhfeidhm ar stíl fhidiléireachta Thír Chonaill, mar shampla ins an tslí ina n-athraítear gléasanna na bhfonn gan choinne, agus léirigh sé a thuairimí go héifeachtach agus go taitneamhach lena chuid ceoil féin, chomh maith le taifeadtaí. Ceoltóir cumasach is ea é, bail ó Dhia air.

Alt 8 – Léigh Andrew Carpenter páipéar dar teideal ‘Dean Swift and Song’ inar labhair sé ar na h-amhráin Béarla a chum an ‘Déin’. Chuir sé síos ar an tuiscint a bhí ag daoine in aimsir Swift ar cad is amhrán ann agus ar an tslí ina scaiptí amhráin go forleathan nuair a chantaí ar na sráideanna iad. Níor rud buan iad na téacsanna seo agus is minic a cheanglaítí focail Béarla le fonn Gaelach, rud a raibh íoróin áirithe ag baint leis agus an Ghaelainn ag dul i léig faoi mar a bhí sí i mBaile Átha Cliath ag an am. Bhí magadh agus aoir go mór chun tosaigh ins na hamhráin seo.

Alt 9 – Léigh Moyra Haslett páipéar eile ar Swift dar teideal ‘Singing at the Club: the Drapier and the Guilds in Early 18th Century Dublin’ agus thug sí an-léargas ar an gcúlra stairiúil agus cultúrtha. Labhair sí ar an eachtra pholaitiúil ar a dtugtar ‘Wood’s Halfpence,’ ar phaimphléidí a scríobh Swift agus daoine eile faoin eachtra sin agus ar thionchar an eachtra ar ghnó agus ar eacnamaíocht na cathrach. Béarlóirí meánaicmeacha Bhaile Átha Cliath is mó a bhí thíos leis. Ag an am céanna nó tamall gairid ina dhiaidh (1724) is ea a d’fhoilsigh John agus William Neal a leabhar dar teideal ‘A Collection of the Most Celebrated Irish Tunes, Proper for the Violin, German Flute or Hautboy’ i mBaile Átha Cliath. Seo an cnuasach is túisce a foilsíodh de cheol traidisiúnta na hÉireann.

Alt 10 – Léigh Joanne Burns páipéar ar Thomas Moore. Thug sí caint uaithi ar imleabhair na n-amhrán a d’fhoilsigh Moore idir 1808 agus 1834 nó Moore’s Melodies mar is fearr aithne orthu agus ar an tuiscint a bhí aige ar cheol na hÉireann faoi mar a léirigh sé í sa Prefatory Letter a foilsíodh sa tríú heagrán a tháinig amach sa bhliain 1810. Cé gur glacadh go ginireálta an uair sin le tuairim Bunting faoi aois na bhfonn Gaelach, go rabhadar an-ársa ar fad, d’áitigh Moore nach rabhadar chomh fada sin ar an saol in aon chor. B’fhéidir gurbh á chosaint féin a bhí Moore ar ghearáin a deineadh faoi, nach raibh sé de cheart aige cur isteach ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus a chuid féin a dheanamh de, fé mar a dhein sé sna Melodies.

Alt 11 – Labhair Sheila Rooney ar Thomas Moore chomh maith. Ina páipéar siúd, dhírigh sí ár n-aird ar na tagairtí atá le fáil sna ‘Melodies’ don dúlra agus ar thábhacht an dúlra i saol agus i saothar Moore. Dealraíonn sé go raibh tuiscint éigin ag Moore ar dhinnsheanchas agus chreid sé go raibh a scéal féin le hinsint ag áiteanna agus ag sean-fhoirgintí don té a bheadh sásta éisteacht. Cé gur thréig Moore ídéalachas agus náisiúnachas a óige go luath ina shaol, chreid sé i gcónaí go raibh cúmhacht nó draíocht ag an dúlra a fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an duine daonna.

Alt 12 – Is ar na hamhráin Gaelacha a bhailigh James Cody/ Séamus Mac Óda, duine de chomhghleacaithe Edward Bunting a bhí páipéar Colette Moloney scríofa agus thug sí an-chur síos dúinn orthu. Tá lámhscríbhinní de chuid Mhic Óda ar coimeád i Leabharlann Ollscoil na Banríona, i Leabharlann na Cathrach i mBéal Feirste agus i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus meastar go bhfuil roinnt eile dá shaothar lámhscríofa ar lár. Bhí sé ar an tarna duine ba thábhachtaí a bhailigh do Bunting ó thaobh líon na bhfonn de. Bhailigh sé timpeall 140 fonn do Bunting, amhráin is ea an chuid is mó acu ach tá ceol rinnce ina measc, leis. Údar is ea Colette Moloney ar shaothar Edward Bunting agus is óna peann a tháinig an meisterwerk ‘The Irish Music Manuscripts of Edward Bunting (1773-1843) An Introduction and Catalogue,’ a d’fhoilsigh Taisce Cheol Dúchais Éireann tamall de bhlianta ó shin.

Alt 13 – Léigh Sorcha Nic Lochlainn páipéar ar genre ársa i dtraidisiún amhránaíochta na hÉireann, an cepóc. Luaitear an téarma seo go minic ins na hamhráin luaithe agus chreid Nora Chadwick go gcantaí a leithéid d’amhrán mar bheannacht agus mar mholadh do laochra buacha fadó. Chantaí iad ag tórraimh leis, dar le Pádraigín Ní Uallacháin. Thagair Sorcha Nic Lochlainn do thraidisiún na gcepóc i nGaidhlig na hAlban freisin ach ba dhóigh léi gur fhorbair an traidisiún i slite difriúla sa dá thír. Is mar chuid de nós na gcaointeoireachta a mhair an cepóc in Éirinn, dar léi ach is mar chuid d’amhráin saothar na mban, ar a dtugtar ‘waulking songs’ a chantaí nuair a bhíodh na mná ag gabháil don mbréidín a d’fhan an cepóc i dtraidisiún amhránaíochta na h-Alban.

Alt 14 – An cainteoir deireannach a labhair ag an siompóisiam ná Ann Buckley a léigh páipéar fíor-shuimiúil ar an gceol eaglasta sa tréimhse luath. Thrácht sí ar iomainn luatha i nGaelainn agus i Laidin, cuid acu a théann chomh fada siar leis an seachtú haois. Tá tríocha leabhar liotúirgeach ar marthain fós a scríobhadh roimh an 11ú haois, ina measc tá leabhair Aifrinn, leabhair faoi na sacraimintí agus leabhair iomann. Bhí tionchar láidir ag an Laidin ar cheol eaglasta na hÉireann ach bhí tionchar ag an liotúirge luath Gaelach ar áiteanna eile san Eoraip chomh maith, an Ghaill ina measc. Má fhéachtar ar na tíortha Cheilteacha trí chéile, is in Éirinn a bhí an cnuasach ba mhó d’iomainn Laidne. Thagair Ann Buckley d’iomainn sa tSeana-Ghaelainn in onóir do Phádraig agus do Bhríde Naofa. Labhair sí chomh maith ar thionchar an chaointe ar an gceol eaglasta agus ar amhráin tuata ar baineadh feidhm astu (le focail nua i nGaelainn, i Laidin agus níos déanaí i bhFraincis na Normannach) mar áiseanna deabhóideacha, cé nár canadh le linn an Aifrinn Naofa iad.

Alt 15 – Ba chóir dom a rá leis gur cuireadh ceolchoirm bhreá ar siúl dúinn an chéad oíche a bhí fíor-thaitneamhach agus spéisiúil. Dob’ iad Maurice Leyden agus Ian Ó Loingsigh na hamhránaithe a chuir clár dar teideal ‘Urban Singing in the 19th Century,’ i láthair.

Alt 16 – Táthar ag súil go mbeidh suíomh idirlín an Irish Song Project ar fáil, saor in aisce faoi Lúnasa na bliana seo chughainn (2015) ar a mbeidh teacht ar ábhar an tionscnaimh. Idir an dá linn, fáilteofar roimh fhiosrúcháin ag irishsong@qub.ac.uk

Bhain gach éinne a bhí i láthair ag an siompóisiam idir chainteoirí agus lucht éisteachta taitneamh agus tairbhe as an ócáid. Buíochas ó chroí do Ann Buckley, Conor Caldwell, Moyra Haslett agus Sheila Rooney a dhein sár-jab agus atá ag obair leo go díograiseach i gcónaí ar an tionscnamh thábhachtach seo. Guím gach rath ar an obair.

Miriam Uí Dhonnabháin.

(Is amhránaí agus scoláire í Miriam atá ag saothrú ar Lámhscríbhinn James Goodman, 1857 mar a bhfuil trí cinn agus ceithre scór amhrán. Tá sí ag obair ar théacsanna na n-amhrán, á gcur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu chomh maith le taighde stairiúil agus téacsúil a dhéanamh orthu. Is bréa léi iad a chanadh, i dtreo is go gcloisfear iad don chéad uair breis is céad caoga bliain tar éis a mbailithe.)

 

Gluais agus nótaí gramadaí (Glossary and grammatical notes)

Alt 1 (Paragraph 1) – Mheasas=Mheas mé – I thought (Céad pearsa, uimhir uatha, Aimsir Chaite, Foirm Tháite). N.B. the ‘Foirm Tháite’ is a feature of Munster Irish and is used in all 1st person singular verbs in the Past Tense in this article. In this form there is no separate personal pronoun, it is contained within the verb; an dá lá a thugamar = an dá lá a chaitheamar – the two days we spent. ‘We gave the day/ the week’ is still sometimes used in place of ‘we spent the day/ the week’ in the English of west Munster.

Alt 2 – le blianta beaga anuas – for the last few years; tíopeolaíocht stairiúil – an historical typology; Táthar ag déanamh taighde ar – Research is being done on. (Táthar is the passive form of the verb ‘to be’ in the Present Tense, saorbhriathar, Aimsir Láithreach); amhráin diaga agus tuata – religious and secular songs.

Alt 3 – dúras = dúirt mé (céad pearsa, uimhir uatha, Aimsir Chaite, Foirm Tháite); Thug John Moulden léacht uaidh – John Moulden gave a lecture. N.B.Tugann duine léachtcaint uaidhuaithi; an tarna ceann = an dara ceann; lámhscríbhinn(í) = manuscript(s); an dua a chaith Ó Loingsigh lena mbailiú – the trouble/ the pains he took in gathering/ collecting them.

Alt 4 – dul i muinín na teicneolaíochta – to rely upon/ to be dependent upon technology; trí chéile = i gcoitinne – in general.

Alt 5 – léadh – was read (saorbhriathar, Aimsir Chaite – passive, Past Tense); gné/ gnéithe – aspect(s); bhíos = bhí mé, D’fhéachas = d’fhéach mé, dheineas = dhein/ rinne mé, labhras = labhair mé (1ú pearsa, uimhir uatha, Aimsir Chaite, Foirm Tháite – all 1st person singular verbs, past tense, Foirm Tháite); luaite – mentioned; a leagtar ar – which is attributed to, (saorbhriathar Aimsir Láithreach – passive form, Present Tense.)

Alt 6 – scáineadh/ scáintí – chinks, crevices, cracks, splits; Dhein sé = rinne sé; stéibh = véarsa (an focal Béarla ‘stave,’ is dócha), Dúirt Lillis féin cúpla stéibh – Lillis himself sang a couple of verses, N.B. ‘amhrán a rá’ a deirtear sa Ghaelainn, ‘abair amhrán’ a deirtear leis an amhránaí ; údar aitheanta = a recognised authority; leagan bunaidh = the original version; ag teacht salach ar = ag teacht trasna ar – (coming) into conflict with/ in contradiction to; seachadadh na n-amhrán = scaipeadh na n-amhrán – the transmission of songs.

Alt 7 – na malairtí – the exchanges, the ‘back and forth’; Leag sé béim ar – he emphasised; Thuairimigh sé – he opined; gléas(anna) na bhfonn – the key(s) of the tunes; gan choinne – unexpectedly.

Alt 8 – scaiptí – used to be disseminated/ spread, chantaí – used to be sung, cheanglaítí – used to be attached/ tied (to) – (saorbhriathra sa Ghnáthchaite – all are passive forms of verbs in the Past Continuous Tense); an Ghaelainn ag dul i léig – the Irish language diminishing/ dying out; aoir – satire.

Alt 9 – ar a dtugtar –which is called/ is known as (saorbhriathar Aimsir Láithreach – passive form, Present Tense); a bhí thíos leis – were (badly) affected by it; is túisce – the earliest/ the first.

Alt 10 – imleabha(i)r – volume(s)- often abbreviated to ‘Iml.’; glacadh go ginireálta le tuairim Bunting – Bunting’s opinion was generally accepted (‘glacadh’ – saorbhriathar, Aimsir Chaite – passive form, Past Tense); d’áitigh Moore – Moore claimed; a deineadh faoi – which were made about him (‘deineadh’ – saorbhriathar Aimsir Chaite – passive form, Past Tense).

Alt 11 – dhírigh sí ár n-aird – she drew our attention to; Dealraíonn sé – it seems/ it appears; thréig sé – he abandoned, he forsook; dul i bhfeidhm ar – to affect/ have an impact on.

Alt 12 – comhghleacaí/ comhghleacaithe (deirtear ‘comhleacaithe’ leis) – fellow-worker(s), colleague(s); ar coimeád – preserved, kept (mainly used in relation to archives, libraries, collections). N.B. The simple preposition ‘ar’ is not followed by a séimhiú here as one might expect. When a specific place/ person is meant, ‘ar’ is followed by a séimhiú for example ‘ar Phádraig,’ ‘ar bharr an tí,’ but when the place is not a specific one, for example ‘ar farraige,’ then ‘ar’ is not followed by a séimhiú; meastar – it is thought (saorbhriathar, Aimsir Láithreach – passive, Present Tense); ar lár = in easnamh – missing; ar an tarna duine ba thábhachtaí – the second most important person; tamall de bhlianta ó shin – some years ago.

Alt 13 – laoch(ra) buach(a) – victorious warrior(s); Thagair Sorcha Nic Lochlainn do – Sorcha Nic Lochlainn referred to; ag gabháil don mbréidín – working the tweed.

Alt 14 – Thrácht sí ar = chuir sí síos ar, labhair sí ar – she described/ gave an account of; ar marthain fós – still in existence; an Ghaill – Gaul; Má fhéachtar ar – if it is looked at, ‘if we look at,’ (saorbhriathar Aimsir Láithreach – passive, Present tense); ar baineadh feidhm astu = ar baineadh úsáid astu – which were used ( ‘baineadh’ – saorbhriathar Aimsir Chaite – passive form, Past Tense); áiseanna deabhóideacha – devotional aids.

Alt 16 – ar a mbeidh teacht ar ábhar an tionscnaimh – where the project’s material/ subject matter will be available; fáilteofar roimh fhiosrúcháin = cuirfear fáilte roimh fhiosrúcháin – enquiries will be welcomed.

Miriam Uí Dhonnabháin