Iarsmalann Nua Naomh Cléimint, Galong

StClementsgarden2(In this article Bearnaí Ó Doibhlin writes about his attendance at the official opening of the new museum at St Clement’s Retreat and Conference Centre, Galong, NSW. St Clement’s is well known to those interested in Irish/Australian history as the venue for the annual Shamrock in the Bush conference, the last one of which will take place in August)

Tá eolas maith acu siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí staire Éireannaí/Astrálaí ar Ionad Comhdhála agus Dísirt Naomh Cléimint de bharr gur reáchtáladh an tionól bliantúil ‘Shamrock in the Bush’ ann le fiche bliain anuas. Anuas air sin, reáchtáladh comhdhálacha éagsúla eile ann thar na blianta bainteach le cúrsaí Éireannacha/Astrálacha. Tá díol spéise eile ag Naomh Cléimint le lucht na staire a mhealladh chuig an ionad anois mar gur osclaíodh iarsmalann ann ar na mallaibh a thugann léargas cuimsitheach ar scéal Galong. Tugtar ‘An Abiding Presence: Galong’s Land and People’ ar an taispeántas san iarsmalann.

Osclaíodh an iarsmalann go hoifigiúil ar 13 Aibreán, lá breá fómhair. Rinne an tAmbasadóir Éireannach, a Shoilse Nollaig de Faoite, nó Noel White mar is fearr aithne air, an oscailt oifigiúil agus, mar a bheifeá ag súil leis agus Éireannach ag labhairt, luaigh sé an aimsir ina aitheasc. Thug sé faoi deara go raibh an lucht féachana cruinnithe ar thaobh amháin den chlós le héalú ó ghathanna teo na gréine, a bhí ag taitneamh anuas. Dá mbeadh siad in Éirinn, a dúirt sé, bheadh siad ar thaobh eile an chlóis ag sú na gréine!

Is iarsmalann bheag í, na réada go léir i seomra amháin, agus iad leagtha amach sa dóigh is go léiríonn siad na trí thréimhse éagsúla i stair Galong. Sa chéad dul síos tá na huirlisí cloiche a bhain leis an mhuintir dhúchais a bhí ann leis na mílte bliain. Rinne dhá threibh feidhm as an dúiche ar a bhfuil an t-ionad, an Ngunnawal agus an Wiradjuri. Níl ach trí uirlis chloiche sa taispeántas, ach is féidir go dtiocfar ar níos mó iarsmaí bainteach leis an mhuintir dhúchais nuair a dhéanfar tochailt seandálaíochta sa bhreis as seo amach.

Baineann an dara cuid de na réada le ré chlann Uí Riain, cé nach mbaineann ach réad amháin leis an gcéad fhear a chuir faoi ann. Daoránach darbh ainm Ned Ryan, as Cluain Ultaigh i gContae Thiobraid Árann, a ghlac seilbh ar an ngabháltas thiar sna 1820í. Tá an Certificate of Freedom, nó Teastas Saoirse, a fuair Ryan in1830 ar taispeántas san iarsmalann. D’éirigh go glé geal le Ryan, a bhí ina shuiteoir, agus bhí sa bhreis ar 200,000 acra aige tráth. Thóg sé teach mór fairsing le cíor lámhaigh air agus is ea sin an fáth ar thug muintir na háite Caisleán Galong ar an bhfoirgneamh agus Rí Galong ar Ned. Bhí clú agus cáil ar Ryan as a fhlaithiúlacht agus is iomaí oíche cheoil agus chraic a reáchtáladh sa chaisleán lena linn ann.

Bhásaigh Ryan sa bhliain 1871 agus tháinig a mhac, John, i gcomharbacht air mar mháistir Galong. Fuair seisean bás sa bhliain 1887 agus bhí a dheirfiúr, Anastasia, ar an duine deiridh de mhuintir Uí Riain i gceannas ar Galong. Bhí páistí Ned chomh flaithiúil lena n-athair, de réir dealraimh, agus deirtear go raibh gach ‘swaggie’ gan dídean sa cheantar ar thaobh an bhóthair nuair a chuaigh cóiste na marbh thar bráid ag sochraid Anastasia sa bhliain 1900.

Ní raibh sliocht ag páistí Ned agus tugadh Galong do na Slánaitheoirí, agus is leis an ord fós Naomh Cléimint. Thóg siadsan mainistir ann i dtús báire agus scoil chónaithe ní ba dhéanaí. Baineann an chuid is mó de na réada san iarsmalann le ré na Slánaitheoirí, cé gur dúnadh an scoil sa bhliain 1975 agus níl ach sagart amháin de chuid an oird ag Naomh Cléimint anois.

Thug daoine éagsúla tacaíocht airgeadais fhial don tionscadal agus baineadh feidhm freisin as saothrú na gcomhdhálacha, Shamrock in the Bush, thar na blianta leis an iarsmalann a mhaoiniú. Beidh an chomhdháil deiridh de chuid Shamrock ar siúl idir 1-4 mí Lúnasa i mbliana agus beidh deis ag na rannpháirtithe léargas nua a fháil ar Galong agus an ‘abiding presence’ ansin.

 Bearnaí Ó Doibhlin